CORRIGER LES PAROLES
Paroles : Is Trua Nach Bhfuil Me in Eirinn
Is trua nach bhfuil mé in Érinn
San áit a tógadh mé i dtús mo shaoil
Ná faoi bhruach na binne móire
Ná ag an Éirne lena taobh
Sin an áit a bhfaighinn an t-aos óg ann
A thógfadh an brón seo 's an tuirse díom
'S da mbeinn bliain eile arís ní b'óige
Go mbeinn a dhul leofa arís
Bliain mhór agus an t-am seo
Bhí mé mo chónaí i gCnoc a' Sciobóil
Bhí mo theach mór á dhéanamh
Ag saorthaí istigh i gCorcaigh
Bhí mo cheann ar bharr píce
Le gaoth mhór agus le fearthainn
Má tá roinnt agam d'Mháire an Phéarla
M'anam gléigeal nach d'téann 'na bhflaitheas
Cheannóchainnse garradh
Dá n-éireochadh liom
Chuirfinn mustard breá ard ann
Agus bláth bán ar a' chrann
Chuirfinn síol coirce, síol eorna
Síol a ndéantar dean lionn
'S gurb é síol eorna na gcártaí
A d'fhág an mála ar mo dhroim
San áit a tógadh mé i dtús mo shaoil
Ná faoi bhruach na binne móire
Ná ag an Éirne lena taobh
Sin an áit a bhfaighinn an t-aos óg ann
A thógfadh an brón seo 's an tuirse díom
'S da mbeinn bliain eile arís ní b'óige
Go mbeinn a dhul leofa arís
Bliain mhór agus an t-am seo
Bhí mé mo chónaí i gCnoc a' Sciobóil
Bhí mo theach mór á dhéanamh
Ag saorthaí istigh i gCorcaigh
Bhí mo cheann ar bharr píce
Le gaoth mhór agus le fearthainn
Má tá roinnt agam d'Mháire an Phéarla
M'anam gléigeal nach d'téann 'na bhflaitheas
Cheannóchainnse garradh
Dá n-éireochadh liom
Chuirfinn mustard breá ard ann
Agus bláth bán ar a' chrann
Chuirfinn síol coirce, síol eorna
Síol a ndéantar dean lionn
'S gurb é síol eorna na gcártaí
A d'fhág an mála ar mo dhroim