ENVIAR LETRAS
Top 100
Lançamentos de álbuns
Artistas
Comunidade
francês
Espanhol
Português
corrija a letra Letra
Mo Mháire
por
Virzha
Retornar
Letra
Ag feis nó dáil níl bean le fáil Chomh sciamhach le mo Mháire Tá aice cneas bog bán a 's deas Do chiurfeadh lil' faoi náire 'San domhan seo, níl aon chroí chomh díl Nó cailín tá níos fíre 'Measc óg nó sean 'sí plúr na mban Is ise bród na tíre Tá gruaig mo stóir mar fháinni óir A' t**im síos go talamh Thar muinéal bán a 's guaille lán A c*ma tá mar dhealbh Gí glan soiléar gach réalt 'san spéir Tá súil mo ghrá níos glaine 'S binne glór mo chailín óig Ná cláirsí ciúin na cruinne 'Measc aos óg i leathar bróg As urlár, cúirt nó pairliúin Níor sheas le taobh aón fhear ariamh Bean-rinceoir leath chomh hálainn Má bhris sí croí aon óganiagh Gan bréag do bhris si céadta 'Gus tá na mná fáil bháis gach lá Le troim is neart a n-éada Ag feis nó dáil níl bean le fáil Chomh sciamhach le mo Mháire Tá aice cneas bog bán a 's deas Do chiurfeadh lil' faoi náire 'San domhan seo, níl aon chroí chomh díl Nó cailín tá níos fíre 'Measc óg nó sean 'sí plúr na mban Is ise bród na tíre
vídeo de música
Seu nome será publicado. Deixe os campos em branco para permanecer anônimo.
Enviar
Modal title
×
Adicionar mídia
Video URL?
(YouTube, Vimeo, Instagram, DailyMotion, Soundcloud)
×
Lembre de mim
Senha perdida
Entrar
Registrarse