SUBMIT LYRICS
Top 100
Album releases
artists
Community
French
Spanish
Portuguese
Correction Lyrics
Beannacht ó Ri Na Haoine
by
Traditional
Back
Lyrics
Beir bheannacht ó Rí na hAoine ar an oileáinín ina bhfuilim ann Mar go bh'fhearr liom lá is oíche ann ná bliain ar an mbaile úd thall Is ann do bhíodh an ríl againn, ceol píob is leann ar chlár Is slán ag an gcorn bhuí úd, a bhíodh á lionadh de'n mbranda ab fhearr Éiróidh mise amárach gan spleachas le cúnamh Dé Ní fhanfaidh mé san áit seo go brách, brách ar feadh mo shaol Mar is é do chómhrá tláth lag, do chráig is do mharaibh mé Is, a Dhia, nach olc an bháis é atá in ann dom má scarfaim léi Is ar choinnleach glas an fhómhair bhuí, a stóirín, 'sea do dhearcas tú Ba dheas do chois i mbróigín, is ba ró-dheas do leagan siúil Do ghruaig ar dhath an óir-bhuí, na córdaí go fite id' lúb Is nach trua nach lándúin phósta sinn, ar bhord loinge ag dull anonn Is thíos ar ché Phort Láirge, tá an t-árthach um bhrath le comhair Chun mé do bhreith thar sáile, is go brách, brách ní chasfaidh mé Beidh mo mhuintir is mo chairde, go cásfar ag gol im' dhiadh Is anois ó raghainn thar sáile, céad slán leis an Bhlascaoid Mór
music video
Your name will be published. Leave fields blanks to remain anonymous.
Submit
Modal title
×
Insert media
Video URL?
(YouTube, Vimeo, Instagram, DailyMotion, Soundcloud)
×
Remember me
Lost password
Sign in
Register